Vitellius
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Aulus Vitellius |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 24 Meán Fómhair 15 Nuceria |
Bás | 22 Nollaig 69 54 bliana d'aois an Róimh |
Siocair bháis | Dúnbhású (Summary execution (en) ) |
Impire Rómhánach | |
17 Aibreán 69 – 20 Nollaig 69 ← Otho – Veaspáisian → | |
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe | |
Consal Rómhánach | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Creidimh na Sean-Róimhe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, saighdiúir |
Tréimhse ama | Ard-Impireacht na Róimhe, an Éigipt Ghréag-Rómhánach, an Éigipt Rómhánach agus principatus Romanus |
Eile | |
Teideal uasal | Impire Rómhánach |
Céile | Petronia Galeria Fundana |
Páiste | Vitellius Petronianus ( Petronia) Vitellia Galeria ( Galeria Fundana) Vitellius Germanicus ( Galeria Fundana) |
Athair | Lucius Vitellius agus Sextilia |
Siblín | Lucius Vitellius Óg |
Impire Rómhánach ab ea Vitellius (24 Meán Fómhair, 32 RC - 22 Nollaig, 69) nó Aulus Vitellius Germanicus Augustus. Amplóir, cearrbhach agus tíoránach ba ea é chomh maith.
Réimeas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 68, d'éirigh na míleataigh amach in aghaidh Nearó. Chuir an t-impire lámh ina bhás féin ansin, de rogha ar an gcur chun báis a bhí i ndán dó. Thum an Impireacht i gcogadh cathartha ar feadh bliana, a dtugtar Bliain na gCeithre Impirí air.
Comharbas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis bás tapa na n-impirí Galba (Laidin: Servius Sulpicius Galba Caesar Augustus), Otho (Laidin: Marcus Salvius Otho Caesar Augustus), a bhí i gcomharbas ar a chéile, ceapadh Vitellius (laidin: Aulus Vitellius Germanicus Augustus) ina Impire in Aibreán na bliana 69.
Coup agus anbhás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh Vitellius i gcumhacht ach ar feadh cúpla mí. Cuireadh as oifig é le linn coup d’état i “mBliain na gCeithre Impirí”.
Tháinig Vespasian i gcomharbacht air. Ach thacaigh Vespasian le Vitellius ar dtús.[1] Tamaill ina dhiaidh, d'fhógair na hairm san Éigipt agus Iúdáia Vespasian mar impire ar an 1 Iúil.
Ina iarracht chun chumhacht a bhaint amach, nasc Vespasian a fhórsaí le Mucianus, gobharnóir na Siria, agus le Primus, ginearál i bPannonia, agus mháirseáil sé ar an Róimh.[1]
Treoraigh Primus agus Mucianus fórsaí na bhFlaiviach i gcoinne Vitellius. Ar an 20 Nollaig 69, briseadh ar Vitellius, agus an lá dár gcionn dhearbhaigh an Seanad Vespasian ina Impire Rómhánach.
Céasadh Vitellius agus fuair sé anbhás.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 examinations.ie/ (2010). "AN ARDTEISTIMÉIREACHT 2010, Laidin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.