Yuri (seánra)
Cuma
Is é yuri (Gaelaithe: iúirí, Seapáinis: 百合, go litriúil “lile”) an focal Seapáinise a chiallaíonn spéis rómánsach nó ghnéasach idir mná. Faightear yuri ar an gcineál coimicí (manga) agus beochaintí (anime) a tharraingítear sa tSeapáin, agus i gcoimicí agus anime a dhéanann aithris ar stíl shainiúil an mhanga agus anime Sheapánaigh. Téarma eile do yuri ná GL, an giorrúchán ar Girls' Love (Seapáinis: ガールズラブ, Rómhánú Hepburn: Gāruzu Rabu, wasei-eigo).
Is é a chontrapháirt yaoi, seánra anime agus manga a leagann béim ar chaidreamh rómánsach nó gnéasach idir beirt daoine fireanna.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |