Sacraistí
Cuma
Is seomra in eaglaisí Críostaí a úsáidtear chun éidí sagairt (amhail an ailb agus an casal) a stóráil é an sacraistí.[1] Tugtar eardhamh, beistrí, nó gléaslann air freisin. Coinnítear soithí naofa, taifid an pharóiste, agus feisteas eile de chuid na heaglaise ann chomh maith.[2][3]
De ghnáth, bíonn an sacraistí suite taobh istigh den eaglais féin, ach i gcásanna áirithe is fortheach nó foirgneamh ar leith é (mar shampla i mainistreacha áirithe). In eaglaisí níos sine, is minic go mbíonn an sacraistí in aice le taobhaltóir nó taobh thiar den phríomhaltóir.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): sacraistí” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-11.
- ↑ “Vestry”. English Oxford Living Dictionaries. Oxford University Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 26, 2016.
- ↑ "Litiz Moravian celebrates with mortgage-burning Lovefeast" (2011). The Moravian.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |