Harald zur Hausen
Ba lia Gearmánach é Harald zur Hausen (a rugadh ar an 11 Márta 1936 agus a d'éag ar an 29 Bealtaine 2023). Bronnadh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis air sa bhliain 2008.
Saol agus Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh é in Gelsenkirchen sa Ghearmáin, agus d'fhreastail sé ar mheánscoil (Gymnasium) Vechta sula ndearna sé staidéar ar leigheas i mBonn, Hamburg agus Düsseldorf.
Tar éis tamaill mar chúntóir leighis sa Ghearmáin, bhog sé go Philadelphia, SAM áit ar chaith sé roinnt blianta sular fhill sé ar Ollscoil Würzburg mar ollamh i 1969.
Sa bhliain 1977 bhog sé go Ollscoil Freiburg, áit a ndearna sé cur síos ar an mbaint idir HPV6 agus faithne na pite. Sa bhliain 1983 rinne sé an fionnachtain mhór go raibh dlúthbhaint idir HPV 16 agus 18 agus Ailse Muineál na Broinne.
De bharr seo is ea a bronnadh an Duais Nobel air sa bhliain 2008. Lig an fionnachtain seo do thaighdeoirí an vacsaín in aghaidh ailse muineál na broinne a fhorbairt.
Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Luc Montagnier agus Francoise Barré-Sinoussi a rinne fionnachtain ar an víreas atá taobh thiar de SEIF.