[go: up one dir, main page]
More Web Proxy on the site http://driver.im/Jump to content

Grianstad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grianstad

An uair den bhliain is faide an is ea grianstad an tsamhraidh, nó is faide an oíche (grianstad an gheimhridh).[1]

An dá den bhliain a soilsíonn an ghrian

  • níos faide (grianstad samhraidh sa leathsféar thuaidh, timpeall 21 Meitheamh) nó
  • níos giorra (grianstad geimhridh sa leathsféar thuaidh, timpeall 22 Nollaig),

ná aon lá eile i rith na bliana.

grianstad samhraidh

Ar an dá lá, bíonn an ghrian ag foircinn thuaidh is theas a haistir dhealraithigh sa spéir. De bhrí go bhfuil ais an domhain claonta le plána a fhithise timpeall na gréine a tharlaíonn na grianstadanna.

Sa leathsféar theas, is ar 21 Meitheamh a bhíonn an grianstad samhraidh agus an grianstad geimhridh ar 22 Nollaig.

Ag grianstad an tsamhraidh, bíonn an ghrian díreach os cionn na trópaice thuaidh, ag dul isteach faoi chomhartha stoidiacach an Phortáin (mar an gcéanna, maidir leis an trópaic theas, ag grianstad an tsamhraidh ó dheas, agus an gheimhridh ó thuaidh).[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "An Foclóir Beag: bliain" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2019-06-21.
  2. Hussey, Matt (2011). "Grianstad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 334.