[go: up one dir, main page]
More Web Proxy on the site http://driver.im/Jump to content

Barbie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarBarbie

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaincheadúnas meáin
branda Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta cruthaithe9 Márta 1959 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
ÚinéirMattel Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilshop.mattel.com… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: barbie Twitter: Barbie Instagram: barbie Youtube: UCadtap8RYMNy8w4K9lXhzpQ Youtube: Barbie Cuir in eagar ar Wikidata

Is bábóg phlaisteach agus chluimhrithe í Barbie, déanta ag Mattel, Inc, comhlacht atá lonnaithe in El Segundo, California.

Is iad Barbie agus a buachaill, Ken, dhá cheann de na bréagáin is mó tóir orthu ar domhan. Meastar go bhfuil breis agus billiún bábóg Barbie díolta go dtí idir 1959-2023 ar fud an domhain.[1]

lógó

Cuireadh an chéad bhábóg Barbie ar an margadh ag an Aonach Bréagán Idirnáisiúnta[2] Mheiriceá Thuaidh i Nua-Eabhrac) ar an 9 Márta 1959.[3] Sin a 'breithlá' oifigiúil inniu. Bhí an bhábóg costasach ag an am, $3.

Chruthaigh an bhean ghnó, Ruth Handler, an bhábóg íocónach don chomhlacht bréagán, Mattel,. Margaíodh Barbie do chailíní óga mar mhainicín faisin sna déaga.

Barbie i mBÁC, 2009

Bhí a lán daoine míshásta leis an chéad Bharbie ó dhearadh fisiciúil na mbábóg. Cheap siad nach raibh corp nádúrtha aici, róthanaí, agus ní raibh a corp cosúil leis an gcorp atá ag an gcuid is mó de dhaoine.[4] Ní raibh corp nádúrtha aici, dar leo. De réir an lucht cáinte, cuireann dearadh na bábóige corpíomhá neamhréadúil chun cinn do pháistí.[1]

Ach is féidir inniu leaganacha difriúla de Barbie a cheannach, mar shampla “Barbie Ramhar”, “Barbie Bheag” agus mar sin de.

Scannánaíocht

Ar an 21 Iúil 2023, foilsiú scannán nua Barbie stiúrtha ag Greta Gerwig. Tá an scannán seo mar an chéad scannán Barbie atá beo-aicsean, le Margot Robbie mar an phríomh Barbie agus Ryan Gosling mar an phríomh Ken.Thosaigh an phríomhghrianghrafadóireacht ar 22 Márta, 2022, ag Warner Bros. Studios, Leavesden i Sasana agus fillte ar 21 Iúil, 2022.Ar an Domhnach, 6 Lúnasa, sháraigh Barbie Greta Gergwig $1 billiún go hoifigiúil ag oifig na dticéad domhanda.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londdain (9 Márta 2023). "Cothrom an Lae (Baile Átha Cliath) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-03-16.
  2. American International Toy Fair
  3. "BBC World Service - Witness History, The creation of the Barbie doll" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2022-03-09.
  4. Eleathanach 224 / maynoothuniversity.ie (1 Feabhra 2016). "Barbie". Dáta rochtana: 2022.