[go: up one dir, main page]
More Web Proxy on the site http://driver.im/Jump to content

An Phuinseáibis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Phuinseáibis
پنجابی, ਪੰਜਾਬੀ agus Panjabi

EapainmPuinseáb
Cineálteanga bheo agus teanga nádúrtha
Úsáid
Cainteoirí dúchais125,000,000 (2021)
Á labhairtAzad Kashmir (en) Aistrigh, Jammu agus an Chaismír, luach anaithnid, Beangál Thiar, Punjab (en) Aistrigh, Haryana, Deilí, Puinseáb agus Islamabad Capital Territory (en) Aistrigh
Grúpa eitneachPuinseábaigh
Dúchasach doPuinseáb agus an Chaismír
Stáitan Phacastáin, an India, an Ríocht Aontaithe, an Chéinia, an Mhalaeisia, an Afraic Theas, an Bhanglaidéis, Daon-Phoblacht na Síne, Ceanada, an Téalainn, Fidsí, an Afganastáin, an Araib Shádach, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil, Singeapór, luach anaithnid agus an Spáinn
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ind-Iaránacha
teangacha Ind-Airianacha
Middle-Modern Indo-Aryan (en) Aistrigh
New Indo-Aryan (en) Aistrigh
Northwestern Indo-Aryan (en) Aistrigh
Punjabi dialects and languages (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaShahmukhi (en) Aistrigh, Gurmukhi (en) Aistrigh, Urdu orthography (en) Aistrigh, Mahajani (en) Aistrigh, Informal Roman Urdu (en) Aistrigh, script Dhéiveanágrach agus Punjabi Braille (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheDepartment of Languages, Punjab (en) Aistrigh agus Punjab Institute of Language, Art, and Culture (en) Aistrigh
Staidéar agSikhi (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-1pa
ISO 639-2pan
ISO 639-3pan
Linguasphere59-AAF-e
ASCL5207
Linguist Listpanj
UNESCOluach ar iarraidh

Tá an Phuinseáibis (ਪੰਜਾਬੀ) ar an aonú teanga déag is mó a labhraítear ar fud an domhain, agus í á labhairt ag timpeall is céad milliún duine san India agus sa Phacastáin thar aon áit eile. Cé gur teanga Ind-Eorpach í, is teanga thonúil (teanga thuiníoch) í. Tá a gramadach bunaithe ar an táthú, is é sin, cuirtear iarmhíreanna i ndiaidh iarmhíreanna leis na focail, agus ciall sách cúng le gach iarmhír. Is é gnáthord na bhfocal ná Ainmní-Cuspóir-Briathar (SOV), cosúil leis an Laidin agus leis an Airméinis, mar shampla. (Is é an t-ord atá sa Ghaeilge ná Briathar-Ainmní-Cuspóir, nó VSO.)

Tá stádas oifigiúil ag an bPuinseáibis sa Phuinseáb san India agus i gCathair Chandigarh. I Hariyana san India agus i gCathair Delhi, tá stádas oifigiúil aici freisin, ach ní hí an t-aon teanga oifigiúil amháin í. Is í an teanga is mó a labhraítear sa Phacastáin freisin, ach níl stádas oifigiúil ar bith aici sa tír sin, nó is iad an Béarla agus an Urdúis teangacha oifigiúla na Pacastáine.

Is féidir úsáid a bhaint as an aibítir Dhéiveanágrach agus as an aibítir Arabach le Puinseáibis a scríobh, ach is í an aibítir Ghurmúcach is mó a shamhlaítear leis an teanga. Is í an aibítir a úsáideann lucht leanúna an tSuíceachais, agus iad ag saothrú na Puinseáibise thar aon dream eile.

D'fhorbair an Phuinseáibis as an teanga Sauraseni, a bhí á saothrú i dTuaisceart na hIndia anallód. B'í an teanga Sauraseni ba bhunús leis an Hiondúis, an Urdúis, agus an teanga Konkani, leis. Ceann de na teangacha Pracraite a bhí ann - is é sin, caighdeán scríofa a bhí ní ba chóngaraí do chaint na ndaoine ná an tSanscrait, teanga chlasaiceach na hIndia.

Thosaigh litríocht na Puinseáibise faoin am ar tháinig an Suíceachas chun saoil. B'é an chéad ghurú Suíceach, Guru Nanak, a chuir bun le litríocht Shuíceach na Puinseáibise. B'é an cúigiú gurú Suíceach, Guru Arjan Dev, a bhreac síos scrioptúr naofa na Suíceach, Guru Granth Sahib, an saothar ar a ndearcann na Saícigh mar ghurú i riocht leabhair. Úsáidtear a lán teangacha eile i nGuru Granth Sahib freisin, ach is i bPuinseáibis a cumadh an chuid is mó de.