ChatGPT
| |
Cineál | conversational AI (en) agus seirbhís ar líne |
---|---|
Bunleagan | 30 Samhain 2022 |
Leagan bogearraí | |
Ceadúnas | ceadúnas dílsithe |
Ar fáil sa | |
Eapainm | online chat (en) agus GPT-1 (en) |
Saintréithe teicniúla | |
Ardán | brabhsálaí Gréasáin agus comhéadan feidhmchláir |
Scríofa i | Python |
Foireann | |
Cruthaitheoir/í | OpenAI |
Forbróir(í) | OpenAI |
Tuilleadh eolais | |
Láithreán Gréasáin | chatgpt.com (ilteangacha) |
Stack Exchange | Nasc |
CA. Subreddit | ChatGPT |
| |
Is bota comhrá é ChatGPT (Generative Pre-trained Transformer nó Claochladán Giniúnach Réamhthraenáilte, i nGaeilge), de chuid an comhlacht OpenAI, a bhaineann úsáid as intleacht shaorga (AI) chun téacsanna a scríobh nó eolas a fháil.[1]
Seoladh ChatGPT mar fhréamhshamhail an 30 Samhain 2022, agus tharraing sé aird go tapa as a chuid freagraí mionsonraithe agus sothuigthe thar go leor réimsí éagsúla.[2] I mí Eanáir 2023, cuireadh luach de $30 billiún ar OpenAI, agus $86 billiún i mí Dheireadh Fómhair 2023, an gnólacht nuathionscanta is mó fás riamh i stair an domhain.[3][4]
Úsáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir ceisteanna a chur ar ChatGPT agus tabharfaidh sé freagraí cuibheasach maith (fiú ar cheisteanna gramadaí as Gaeilge). Is comhrá atá ann agus sin ceann de na gnéithe a bhaineann le ChatGPT, agus botaí eile dá leithéid. Baineann ChatGPT úsáid as téacsanna nó eolas atá ar fáil cheana féin chun téacsanna nó freagraí a chruthú.[5] Déanann ChatGPT an taighde ar líne agus míneoidh sé duit é agus tabharfaidh sé an freagra duit, amhail is go bhfuil cara ag míniú rud éigin duit. Ar dtús, bhí an-bhéim ar an gcumas atá ag ChatGPT aistí a scríobh.[6][7]
Léirigh taighde a rinne an craoltóir ón Ísiltír NOS sa bhliain 2023 go bhfuil nós forleathan tar éis teacht chun cinn i measc aos óg na tíre sin iarraidh ar ChatGPT a gcuid obair bhaile a dhéanamh; aistí faoi na leabhair atá ar churaclaim na dteangacha éagsúla is mó a iarrtar ar an mbota a chur ar fáil, de réir cosúlachta.[8]
Microsoft Copilot
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é GPT-4 an tsamhail, nó inneall, atá taobh thiar de Microsoft Copilot, a bhíodh aithne air faoin ainm BingChat gor dtí Meán Fómhair 2023. Caithfear an brabhsálaí Microsoft Edge a úsáid le leas a bhaint as Microsoft Copilot agus seachas Edge a shuiteáil ar do ríomhaire, is féidir GPT-4 a úsáid trí Microsoft Copilot saor in aisce.[9][10]
Rialú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl sé soiléir fós conas srian a chur le ChatGPT, más gá. Tá ceisteanna eiticiúla go leor le cur faoi ChatGPT agus a macasamhla.[1]
Ceann de na contúirtí is mó a bhainfidh lena leithéid seo de bhogearra ná gur féidir iad a úsáid chun teoiricí comhcheilge agus nuacht bhréige a chumadh agus a scaipeadh ar luas lasrach. Ceist eitice eile ná ceist chóipcheart na mbuntéacsanna a mbaineann ChatGPT úsáid astu d’fhonn téacsanna nua a chruthú. Agus ar chóir go mbeadh ar chumas comhlacht príobháideach, nó ar chumas dornán comhlachtaí príobháideacha, oiread tionchair a imirt ar an gcumarsáid dhaonna?[1]
Bhí cosc curtha ar ChatGPT san Iodáil i mí Aibreáin 2023 mar gur bhris sé an dlí a bhaineann le GDPR.[6] Chuir an Iodáil cosc scun scan ar úsáid ChatGPT sa tír sin toisc go mbeadh cearta cóipchirt á sárú ag an áis.[5]
Sa bhliain 2023, d’fhógair an iris iomráiteach fantaisíochta agus ficsean eolaíochta ó Mheiriceá Clarkesworld nach mbeadh siad ag glacadh le haon scéalta nua go ceann píosa, toisc go raibh an iomarca scéalta á gcur chuig an iris ar léir gur bota, seachas duine, a scríobh iad.[8]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá leagan 4 de ChatGPT ábalta (le fáil via BingChat, mar shampla, saor in aisce) ceisteanna i nGaeilge a thuigbheáil ach tá seans maith ann go n-iompóidh sé ar an Bhéarla tar éis tamaill. D’iarr Tuairisic.ie ar ChatGPT sa bhliain 2023 dán beag grinn a scríobh i nGaeilge.[11]
Aistriúchán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir leis plé le haistriúchán go pointe ach ní shin a phríomhchúraim. Tá an bhéim á leagan ar cheisteanna a thuiscint agus freagraí cruinne a thabhairt. Níl sé ag an bpointe sin go mbeadh sé ag dul in iomaíocht le Google Translate go fóill.[6]
Traenáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar feadh na mblianta, chuir oibrithe an chomhlachta OpenAI téacsanna isteach sa bhota seo, ó iliomad foinsí, agus thraenáil siad an bota chun an t-eolas sin a ransú d’fhonn ceisteanna a fhreagairt agus téacsanna nua as an bpíosa a chruthú – rud a dhéanann an bota in iliomad teangacha agus in iliomad stíleanna.[1]
Baineann ChatGPT - agus botaí eile dá leithéid - úsáid as 'foghlaim faoi mhaoirseacht' (supervised learning[12]) chomh maith le 'foghlaim treisithe' (reinforcement learning[13]).[14] Bhain an dá chur chuige úsáid as oiliúnóirí daonna chun feidhmíocht na samhla a fheabhsú. I gcás na foghlama faoi mhaoirseacht, cuireadh comhráite ar fáil don tsamhail inar imir na hoiliúnóirí an dá thaobh: an t-úsáideoir agus an cúntóir AI.
Sa chéim atreisiúcháin, ar dtús, rangaigh na hoiliúnóirí daonna na freagraí a chruthaigh an tsamhail i gcomhrá roimhe seo. Úsáideadh na ranguithe seo chun 'samhlacha luaíochta' a chruthú, ionas go bhféadfaí an tsamhail a mhionchoigeartú tuilleadh, ag baint úsáide as roinnt atriallacha d'Optamú Beartais Neasaigh (Béarla: Proximal Policy Optimization) [15][16]
Tugann algartaim OBN tairbhe éifeachtach ó thaobh costais de, d'algartaim um optamú beartais réigiúin iontaoibhe; cuireann siad go leor de na hoibríochtaí ríomhchuidithe costasacha ar ceal, le feidhmíocht níos tapúla.[17] Cuireadh oiliúint ar na samhlacha i gcomhar le Microsoft ar a mbonneagar sár-ríomhaireachta Azure.
Ina theannta sin, bíonn OpenAI ag bailiú sonraí ó úsáideoirí ChatGPT, a d'fhéadfaí a úsáid chun tuilleadh oiliúna a dhéanamh ar ChatGPT agus chun é a mhionchoigeartú. Tá cead ag úsáideoirí vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh na freagraí a fhaigheann siad ó ChatGPT; nuair a dhéantar vótáil ar son nó in aghaidh, is féidir leo réimse téacs a chomhlánú freisin chun aiseolas breise a sheoladh isteach.[18][19][20]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ‘A ChatGPT, is teagascóir Gaeilge thú, cuidigh liom!
- Conas ChatGPT a Úsáid le Open AI - ChatGPT Teagaisc Do Thosaitheoirí (i mBéarla)
- Comhrábot AI nua 'ChatGPT' faoi agallamh ar an teilifís (i mBéarla)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Alex Hijmans (17 Nollaig 2022). "‘Ahoy, matey! Arrr!’ a dúirt an Intleacht Shaorga" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-30.
- ↑ Vincent (5 December 2022). “AI-generated answers temporarily banned on coding Q&A site Stack Overflow” (HTML) (en-US). The Verge. Dáta rochtana: 5 December 2022.
- ↑ "OpenAI in talks to sell shares at $86 billion valuation - Bloomberg News" (en). Reuters (2023-10-18). Dáta rochtana: 2023-11-30.
- ↑ "Share sale set to test financial impact of OpenAI’s leadership turmoil". www.ft.com. Dáta rochtana: 2023-11-30.
- ↑ 5.0 5.1 Alex Hijmans (22 Aibreán 2023). "Níl éalú uaidh – beidh lorg na hintleachta saorga ar gach rud a scríobhfaimid amach anseo" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-30.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 Diarmaid Mac Mathúna / Méabh Ní Thuathaláin (6 Aibreán 2023). "‘A ChatGPT, is teagascóir Gaeilge thú, cuidigh liom!’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-30.
- ↑ Máire Ní Fhinneadha (18 Bealtaine 2023). "An Intleacht Shaorga – is í badhbh badhbh cheardchumainn na múinteoirí í" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-30.
- ↑ 8.0 8.1 Alex Hijmans (4 Márta 2023). "An amhlaidh go bhfuair Aindí post le ChatGPT i ndiaidh na hArdteiste?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-30.
- ↑ Mícheál Johnny Ó Meachair (2023-06-06). "Intleacht Shaorga: Giolla? Uirlis? …nó Tiarna nua na Cruinne?" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-11-30.
- ↑ "21 Best ChatGPT Alternatives in 2023 (Free and Paid)" (en). Elephas. Dáta rochtana: 2023-11-30.
- ↑ "An bhfuil an Ghaeilge i mbaol a báis sa Ghaeltacht? Chuireamar ceist ar chatbot…" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-02-24). Dáta rochtana: 2023-11-30.
- ↑ "Supervised learning" (as en) (2023-11-24). Wikipedia.
- ↑ "Reinforcement learning" (as en) (2023-11-30). Wikipedia.
- ↑ "How does ChatGPT actually work?" (en). ZDNET. Dáta rochtana: 2023-11-30.
- ↑ OpenAI (30 November 2022). “ChatGPT: Optimizing Language Models for Dialogue” (HTML) (en-US). Dáta rochtana: 5 December 2022.
- ↑ Vincent (2022-12-08). “ChatGPT proves AI is finally mainstreamTeimpléad:Sndand things are only going to get weirder” (HTML) (en-US). The Verge. Dáta rochtana: 2022-12-08.
- ↑ van Heeswijk (29 November 2022). “Proximal Policy Optimization (PPO) Explained” (en-US). Towards Data Science. Dáta rochtana: 5 December 2022.
- ↑ "What is ChatGPT and why does it matter? Here's what you need to know" (en). ZDNET (2022). Dáta rochtana: 18 December 2022.
- ↑ “ChatGPT Feedback Contest: Official Rules”. OpenAI. Dáta rochtana: 30 December 2022.
- ↑ “Help OpenAI improve ChatGPT and get a chance to win $500” (en). Geek Culture. Medium (blogging website) (15 December 2022). Dáta rochtana: 30 December 2022.