Tony Blair
Iar-Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe is ea Anthony Charles Lynton Blair (6 Bealtaine 1953 a rugadh é), ar a dtugtar Tony Blair go forleathan, idir 1997 agus 2007, nuair a tháinig Páirtí an Lucht Oibre chun cinn tar éis 18 mbliana faoin bPáirtí Coimeádach.
Tá tréimhse níos faide caite aige mar Phríomh-Aire ná mar a chaith duine ar bith eile de cheannairí Pháirtí Lucht Oibre na Ríochta Aontaithe.
Conspóidí
cuir in eagarAbhcóide é chomh maith le polaiteoir agus níorbh údar iontais é gur léirigh sé scileanna an dá ghairme mar chosaint ar chinnidh a rinne sé mar Phríomh-Aire.[1]
Tá meas ag roinnt in Éirinn air de bharr gurbh é Rialtas Blair a shínigh Comhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998. Náire shaolta é ag daoine eile a mhaíonn gur chóir é a chúiseamh i ngeall ar chogadh na hIaráice.[1] Mhaígh Blair fiú ag an am go bhféadfadh Saddam Husseim an Ríocht Aontaithe a ionsaí agus airm cheimiceacha aige (bréag a bhí ann). Cúpla bliain ina dhiaidh sin, tharraing na meáin aird ar leith ar ráiteas amháin ó Blair, i nóta a chuir sé chuig Uachtarán na Stát Aontaithe, George W Bush, go mbeadh sé leis, pé rud a tharlódh, “I will be with you, whatever", cé nach raibh fiosrúchán maidir le hairm ollscriosta críochnaithe fós ag na Náisiúin Aontaithe.[2]
Bhain Blair geit as daoine sa bhliain 2015, agus é ar scor, nuair a mhaígh sé ag fiosrúchán go dtitfeadh próiseas síochána Thuaisceart Éireann as a chéile sa bhliain 2007, murach na litreacha sóláis a seoladh chuig iarbhaill den IRA Sealadach a bhí ar a dteitheadh.[1]
I mí Dheireadh Fómhair 2021, ainmníodh Blair i bPáipéir Pandora.[3]
Féach freisin
cuir in eagar- Cogadh na hIaráice (2003 ar aghaidh)
- Comhaontú Aoine an Chéasta (1998)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Póilín Ní Chiaráin (2016). "Tony Blair: ‘laoch’ nó ‘náire shaolta’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-20.
- ↑ Mícheál Ó hUanacháin (2016). "Brexit, Blair, Bush agus meon an díoltais…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-20.
- ↑ ""Pandora Papers: Tony and Cherie Blair avoided paying £312,000 in tax on London property by acquiring offshore firm"".
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |