[go: up one dir, main page]
More Web Proxy on the site http://driver.im/

Is é Loch nEathach[1] an loch is mó in Éirinn agus i nOileáin Iarthar na hEorpa. Tá sé thart fá 30 km (20 míle) ar fhad agus 15 km (9 míle) ar leithead, agus tá sé corr a bheith 30 km siar as Béal Feirste. Tá an loch glé-íseal timpeall a imill agus chan fhuil ach meán doimhne 9 méadar (30 troigh) sa phríomhchuid den loch. Is é a doimhneacht is mó ná 25 méadar (80 troigh).

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch nEathach
(en) Lough Neagh Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Tír abhantraían Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinTuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 37′ 06″ N, 6° 23′ 43″ O / 54.618333333333°N,6.3952777777778°W / 54.618333333333; -6.3952777777778
Craobh-abhainn
EisilteachAn Bhanna Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige16 m Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach25 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí15 (leithead) × 30 (fad) km
Achar392 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Abhantrach4,550 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Bearta agus táscairí
Toirt3,600,000,000 m³ Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
ÚinéirEarl of Shaftesbury (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinloughneagh.com Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an loch suite i dtuaisceart na tíre i lár oirthear Uladh, agus tá bruacha ag cúig chinn de chontaetha Uladh ar an Loch; .i. Contae Aontroma, Contae Ard Mhacha, Contae Doire, Contae an Dúin, agus Contae Thír Eoghain. Tá Aontroim, Droichead na Tuama, agus Doire Mhic Chais cois locha.

Gídh go mbaintear feidhm as an loch le raidhse caithimh aimsire agus gnó, tá sé fíorfhoscailte, agus thig leis an uisce éireacht thar a bheith garbh go gasta in aimsir ghaofar.

Tagann lucht faire ar éanlaithe go Loch nEathach as go leor tíortha
Tháinig "Zebra mussels" go dtí an loch as bhliain 2006

Béaloideas

cuir in eagar

Insíonn seanscéal Gaelach an dóigh a ndearnadh an loch, nuair a sciob Fionn Mac Cumhaill píosa talún ina lámha agus chaith le namhaid in Albain é. Char bhain sé amach an namhad, agus thit an cré i Muir Éireann, i dtreo is gur chum sé Oileán Mhanann.

Forbairt gnó agus caithimh aimsire

cuir in eagar

Cuireannn loch nEathach 40% den uisce a óltar sa Tuaisceart ar fáil. Deirtear go bhfuil an t-uisce sábháilte ach bhí imní ar dhaoine (in 2024).[2]

Tionscal an-tábhachtach is ea iascach eascann an locha, earra speisialta a easpórtálann comharchumann i nDroichead Thuama chuig margaí na hEorpa. Bhí tábhacht le hiascaireacht eascainne ar Loch nEathach leis na céadta bliain, agus dhíol iascairí de bhunadh an mhórcheantair a gcuid eascann do phroinntithe ar fud an domhain.

Ionad turasóireachta mór é an loch le láithreacha fóillíochta do mhuintir Aontroma, Thír Eoghain, dheisceart Dhoire agus thuaisceart Ard Mhacha.[2] Ach sa bhliain 2024, tugadh foláireamh do dhaoine gan a dhul ag snámh sa loch. Mar sin féin, tagann lucht faire ar éanlaithe go Loch nEathach as go leor tíortha mar gheall ar líon agus raidhse a chuid éanlaithe a chaitheann an geimhreadh nó an samhradh sna portaigh agus ar na tránna cois locha.

Truailliú

cuir in eagar

Tá an-truailliú san abhainn, truailliú talmhaíochta go háirithe. In 2024, don dara bliain, bhí an loch lán le algae gorm glas a chuireann sláinte daoine agus ainmhithe i mbaol. Ní bheidh aon bheatha fágtha sa loch ag an truailliú gan aicsean. Caithfear díriú ar dhianfheilméaracht agus sceitheadh truailleán, ar eisilteacht sciodair agus sceitheadh ó dhabhcha séarachais. Tá géarghá le hathchóiriú ar an gcóras séarachais, tá tithe agus gnólachtaí nua líonmhar in abhantrach an locha.[3] Bhí go leor cainte faoi úinéireacht an locha sa bhliain 2024 – is le hIarla Shaftesbury grinneall agus bruacha an locha ach ní leis an t-uisce. Ní raibh sé sásta a shealús a thabhairt uaidh in 2023. Ach in 2024 dúirt sé go dtabharfadh sé é –nó cuid dhe – d’eagraíocht dheonach nó d’iontaobhas. Tá Stormont[4] atá freagrach as na haibhneacha a ritheann isteach sa loch. I dtuarascáil Oifig um Chaomhnú Comhshaoil na Ríochta Aontaithe sa bhliain 2024, dúradh go raibh ag teip ar Stormont caighdeán uisce locha agus aibhneacha Thuaisceart Éireann a chosaint. Dúradh nach bhfuil na hacmhainní cuí i bhfeidhm leis na haibhneacha a chosaint.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, Lough Neagh (lake)
  2. 2.0 2.1 Póilín Ní Chiaráin (24 Iúil 2024). "Loch nEathach – an loch lofa atá ina phríomhfhoinse uisce do Bhéal Feirste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-08.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-09-03). "Cáineadh déanta faoi chaighdeán locha & aibhneacha an Tuaiscirt" (as ga-IE). 
  4. An Roinn Talmhaíochta agus Comhshaoil Stormont