[go: up one dir, main page]
More Web Proxy on the site http://driver.im/

Billie Eilish

amhránaí agus cumadóir Meiriceánach (2001–)

Is amhránaí agus scríbhneoir amhrán Meiriceánach í Billie Eilish Pirate Baird O'Connell ach tá sí aitheanta mar Billie Eilish. (Nó Billí Eilís as Gaeilge).

Infotaula de personaBillie Eilish

(2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-us) Billie Eilish Pirate Baird O'Connell Cuir in eagar ar Wikidata
18 Nollaig 2001
22 bliana d'aois
Los Angeles, California Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachGael-Mheiriceánaigh agus Scottish Americans (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol
Suíomh oibre Los Angeles Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmamhránaí is scríbhneoir, cumadóir, amhránaí, damhsóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2015 –
SeánraLeictreaphop, pop indie agus popcheol malartach
TeangachaBéarla agus Béarla Meiriceánach
Cineál guthaSoprán

UirlisCeol gutha, giotár, ucailéile agus uirlis mhéarchláir
Lipéad ceoilDarkroom
Interscope Records Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairPatrick O'Connell  agus Maggie Baird
SiblínFinneas O'Connell
Gradam a fuarthas
Síniú


Suíomh gréasáinbillieeilish.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm8483808 Rottentomatoes: celebrity/billie_eilish Allmovie: p941047 Metacritic: person/billie-eilish
Facebook: billieeilish Twitter: billieeilish Instagram: billieeilish Youtube: UCiGm_E4ZwYSHV3bcW1pnSeQ TikTok: billieeilish Souncloud: billieeilish Spotify: 6qqNVTkY8uBg9cP3Jd7DAH iTunes: 1065981054 Last fm: Billie+Eilish Musicbrainz: f4abc0b5-3f7a-4eff-8f78-ac078dbce533 Songkick: 8913479 Discogs: 5590213 Allmusic: mn0003475903 Deezer: 9635624 Cuir in eagar ar Wikidata
Billie Eilish agus a máthair, Maggie Baird

Rugadh í ar an 18 Nollaig, 2001 i Los Angeles, California[1]. D’fhoilsigh sí an t-amhrán “Ocean Eyes” ar SoundCloud sa bhliain 2015 agus scríobh sí an t-amhrán i gcomhar lena deartháir, Finneas O’Connell[2]. Is é sin an t-am a thosaigh a gníomhréim agus ní raibh sí ach cúig bliana déag d’aois ag an am. Tá Eilish ar cheann de na réaltaí popcheoil is mó ar an domhan faoi láthair i ndiaidh a céad albam When We All Fall Asleep, Where Do We Go?[3]. Tar éis di a bheith ina guth dá ghlúin, tá billiúin ar billiúin sruthanna ceoil agus beagnach 60 milliún leantóirí ar Instagram[4] aici ag ocht mbliana déag d’aois.

Is bean ildánach í le cúig Dhámhachtain Grammy, dá Dhámhachtainí Ceoil Meiriceánach (Béarla: American Music Awards), dá Churiarracht Dhomhanda Guinness (Béarla: Guinness World Records), trí Dhámhachtainí Ceoil Físe MTV (Béarla: MTV Video Music Awards) agus Dámhachtain BRIT amháin. Is í an duine is óige agus an dara duine riamh chun ceithre chatagóir ghinearálta sna Dámhachtainí Grammy a bhuachan[2][5].

Luathshaol

cuir in eagar

Tagann Eilish ó clann de chruthaitheoirí. Bhí clú agus cáil i ndán di mar gheall ar a cumas ceolmhar. Thosaigh sí ag canadh sa chór nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois, agus faoin am a raibh sí aon bhliain déag d’aois, bhí sí ag scríobh agus ag canadh a cuid amhráin féin[1]. Cuireann sí a teicníc ghuthach síos don obair a rinne sí sa chór.

Is í Maggie Baird máthair de na ceoltoirí Finneas agus Eilish. Is amhránaí agus aisteoir í. Scríobh Maggie an scannán Life Inside Out agus bhí páirt aici ann[6]. Is aisteoir é athair Eilish freisin, Patrick O’Connell is ainm dó. Bhíodh sé le feiceáil sna scannáin Iron Man, The West Wing, agus Baskets[6].Tá Eilish an-mhórtasach as a dúchas Éireannach agus Albanach ó thaobh a hathair agus a máthair[7][8]. Cuireadh scolaíocht bhaile ar Eilish agus a deartháir óna máthair[9] ach níor chuir sin cosc ar Eilish páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim.

Is é Finneas Baird O’Connell deartháir s’aici agus tá sé ceann dá cuid inspioráidí is mó atá aici. Déanann sé a chuid ceoil féin agus seinneann sé lena bhanna ceoil, The Slightlys[10]. Chomh maith le sin, scríobh agus chruthaigh sé ceol do go leor ceoltóir[11], Eilish san áireamh. Bhuaigh sé cúig Dhámhachtain Grammy don obair a dhearna sé ar When We All Fall Asleep, Where Do We Go?, an chéad albam a chur Eilish amach[12].

Gníomhréim

cuir in eagar

2015 - 2017

cuir in eagar
 
Maggie Baird agus Finneas O'Connell

Rinne Eilish a céad amhrán “Ocean Eyes” a thaifeadadh sa bhliain 2015, nuair a bhí a múinteoir damhsa ag lorg fuaimrian taca dona céad dreas damhsa eile[13]. Bhí an t-amhrán curtha suas ar SoundCloud i 2015 agus tá níos mó ná 35 milliún éisteachta air anois. Shínigh sí conradh le Apple Music[14][15] in Eanáir 2016 agus bhí socrú déanta aici le A&R, ardán fionnachtain Platoon[16]. Is comhlacht é a gcabhraíonn ceoltóirí nua roimh a dtéann siad ar aghaidh go dtí lipéad ceoil mór. D'atheisigh sí “Ocean Eyes” arís i Márta 2016 le físeán ceoil nua.

Faoi Lúnasa 2016, shínigh Eilish conradh nua leis an lipéad ceoil ‘The Darkroom’, comhlacht a oibríonn le Interscope[16][14]. Sa bhliain 2017, bhí “Bellyache” an chéad amhrán eile a d’fhoilsigh sí ina dhiaidh “Ocean Eyes” agus canann sí an t-amhrán seo ó thaobh síceapatach de atá faoi choimhlint. D’fhoilsigh sí “Bored” sa bhliain chéanna don tsraith Netflix 13 Reasons Why[17][18]. D’fhoilsigh Eilish a céad cheirnín leathfhada Don’t Smile at Me le linn an tsamhraidh 2017, le cabhrú óna deartháir Finneas. Bhí naoi n-amhrán éagsúla ar[19] agus bhí “Idontwannabeyouanymore” an dara hamhrán is mó a raibh sreabhtar tar éis “Ocean Eyes”[20]. D’éirigh léi an tríú háit a fháil ar na cairteacha Billboard don Albam Ailtéarnach (Béarla: Alternative Albums) don cheirnín leathfhada[21].

2018 - Inniu

cuir in eagar

Chuaigh Eilish ar a céad príomh-chamchuairt domhanda Where’s my Mind? i mí Feabhra 2018[22], ní raibh sí ach sé bliana déag d’aois. Chomhoibrigh sí leis an amhránaí Meiriceánach Khalid agus d’fhoilsigh siad an chnagshingil “Lovely” i mí Aibreáin 2018[23]. Thuill Eilish áit ar Cairteacha na n-Albam ‘21 Under 21 2018’ don amhrán “Lovely” agus tháinig an chnagshingil amach san 78ú háit ar Cairteacha na n-Albam[21]The Hot 100’. Chomh maith le sin, bhí an t-amhrán curtha ar an fhuaimrian don dara sraith Netflix 13 Reasons Why[18]. D’fhoilsigh Eilish an singil “When’s the Party Over” i mí Dheireadh Fómhair 2018. Tá an t-amhrán bunaithe uirthi agus nuair a fuair sí a croíbhriste[24]. Shínigh sí conradh le Next Models agus beidh ionadaíocht ag an ghníomhaireacht di le haghaidh tacaíocht áilleachta agus faisin[25].

Chabhraigh Spotify go mór léi agus a gairm cheoil[14]. Bhí a amhrán curtha ar an seinnliosta Spotify ‘Today’s Top Hits’ agus fuair Eilish níos mó éisteoirí dá bharr. Chomh maith le sin, bhí sí an ceoltóir is óige chun billiún sruthanna a fháil ar a ceirnín leathfhada Don’t Smile at Me ag tús an bhliain 2019.  D’fhoilsigh sí a tríú singil “Bury a Friend” agus bhain sí uimhir a ceathair déag sna cairteacha Meiriceánach[22] agus uimhir a haon sna cairteacha Briotanach[26]. Tá an t-amhrán léirithe ó pheirspictíocht ollphéist faoin leaba[26] agus spreag sé aeistéitiúil an albaim. Fiú le tacaíocht ó lipéad ceoil, lean Eilish ag scríobh agus ag taifeadadh lena deartháir ina stiúideo sa seomra leapa[16]. Chomh maith le peirspictíocht shonrach Eilish agus le léargas óna deartháir a bhfuil an aithne is fearr aige uirthi, baineann siad toradh deiridh amach atá úr agus sainiúil. Is é anseo a chruthaigh siad a céad albam When We All Fall Asleep, Where Do We Go?. D’fhoilsigh Eilish a céad albam i mí an Mhárta 2019[22]. Chuaigh a céad albam díreach go dtí uimhir a haon sna cairteacha Meiriceánach agus Briotanach agus ní raibh sí ach seacht mbliana déag d’aois[27]. Is í Eilish an chéad cheoltóir a rugadh san 21ú haois agus a fuair go barr na cairteacha Billboard 200. Bhí 12 de na 13 amhrán ón albam sna cairteacha 'The Hot 100'[17] agus is é sin an ceann is mó riamh do cheoltóir mná. D’fhoilsigh sí an singil “Bad Guys” i bpáirt leis an albam. Chuaigh an t-amhrán díreach go dtí uimhir a haon sna cairteacha 'The Hot 100'[17].

 
Bille Eilish ag an fhéile Phicnic Leictreach 2019

Thosaigh sí a camchuairt dhomhanda When We All Fall Asleep ag an fhéile Coachella i mí Aibreáin 2019[17]. Rinne sí seasca a sé ceolchoirmeacha ar fud an domhain, an Astráil, an Eoraip agus Meicsiceo san áireamh[22]. Lean an chamchuairt ar aghaidh go dtí mí na Samhna 2019. Chomh maith le sin, rinne sí seó ag an fhéile an Phicnic Leictreach[28] (Béarla: Electric Picnic) i Sráidbhaile i gContae Laoise sa samhradh 2019. Ansin i Meán Fómhair 2019, d’fhoilsigh Eilish camchuairt dhomhanda do 2020, Where do We Go?. Thosaigh an chamchuairt i mí an Márta ach bhí uirthi an chuid is mó de na dátaí a athrú mar gheall ar an ráig den Choróinvíreas sa bhliain 2020[29]. D’fhoilsigh Eilish an singil “Everything I Wanted” i mí na Samhna 2019 agus is ómóis an t-amhrán dá deartháir s’aici, Finneas[30]. Fógraíodh go bhfuil an t-amhrán aitheantais don 25ú scannán James BondNo Time to Die” scríofa agus léirithe ag Eilish i mí Eanáir 2020[31]. Is í an duine is óige riamh a scríobh an t-amhrán aitheantais do scannán 007[22]. Bhain sí uimhir a haon sna cairteacha Briotanach leis an amhrán sin[32]. Bhuaigh Eilish cúig Grammy, an ceoltóir agus an t-amhrán nua is fearr sa bhliain san áireamh ag na Dámhachtainí Grammy 2020. Chomh maith le sin, is í Eilish an duine is óige riamh a bhuaigh Albam na Bliana do When We All Fall Asleep, Where Do We Go?[5][33].

Ealaíontacht

cuir in eagar

Stíl Cheoil, Físeáin Cheoil agus Cumadh Amhrán

cuir in eagar

Thosaigh Eilish amach ar SoundCloud, ardán atá aitheanta do cheoltóirí hip hap DFÉ. Tá go leor stíl cheoil difriúil ag Eilish ó phopcheol go dtí ceol leictreonach go dtí ceol tionsclaíoch agus fiú snagcheol[17]. Éisteann Eilish agus a deartháir Finneas le gach seánra, ó cheol nua go dtí seancheol agus is é sin an fáth go bhfuil stíl éagsúla ag Eilish, dar le Finneas. Cuireann Finneas síos ar a bpróiseas de chumadh amhrán mar ailceimic[17] agus táirgeann sé a gcuid ceoil chun béim a chur ar guth uathúil a dheirfiúr. Déanann daoine comparáid idir Eilish agus Lana Del Rey[34] mar gheall go bhfuil an tuin chéanna acu. Tá stíl ghuthach shoiléir ag Eilish agus canann sí i ráfla balbha, de réir Vox[17]. San agallamh a rinne Eilish leis an iris Rolling Stone, bhí sé léirithe ann go bhfuil a ceol i bhfad níos dorcha ná réaltaí popcheoil sna déaga[35]. Tá a ceol níos mó punc agus gotach agus saghas urchóideach i gcomparáid le réaltaí popcheoil eile[36]. Tá grá agus dúlagar, ardfhaisean agus mearfhaisean, popcheoil agus hip hap le feiceáil i gceol Eilish agus tá na hábhair seo le feiceáil sa tsochaí iar-nua-aoiseach[37]. Tá a ealaíontacht agus a guth ag dul i bhfeidhm ar ghlúin[34] agus tá pearsantacht dá chuid féin ag gach uile amhrán atá scríofa aici.

 
Billie Eilish agus a deartháir, Finneas, ar an stáitse le chéile

Taispeánann Eilish a chéad scileanna stiúrtha san fhíseán ceoil “Xanny” sa bhliain 2019[22]. Baineann sí úsáid as a scileanna stiúrtha arís san fhíseán ceoil “Everything I Wanted” a raibh foilsithe i mí Eanáir 2020. Tá an físeán tiomnaithe dá deartháir, Finneas[30][38].

Tionchar Ceoil

cuir in eagar

D’éist Eilish le banna ceoil cosúil le My Chemical Romance, Linkin Park, Green Day agus na Beatles nuair a bhí sí níos óige. Tharraing sí inspioráid óna bannaí ceoil seo agus tá a gcuid stíl le feiceáil i gceol Eilish. San agallamh a rinne Eilish leis an iris Rolling Stone, dúirt Eilish go raibh sí ag éisteacht le Green Day ó a bhíodh sí naoi mbliana d’aois agus go raibh sí agus a deartháir gafa leo[39]. Bhí tionchar ceoil éagsúla ag Eilish ó Tyler, the Creator agus Earl Sweatshirt go dtí Lana Del Rey agus Amy Winehouse. Is é Tyler an tionchar is mó ó thaobh an cheoil de ag Eilish[40].

Íomhá Phoiblí

cuir in eagar

Stíl Éadach agus Táirgí

cuir in eagar

Tá stíl éadach ar leith ag Eilish, caitheann sí éadaí mórá scaoilte[2]. Is fearr léi cultacha reatha atá rómhór le patrún geal a chaitheamh ar stáitse i gcomparáid le réaltaí popcheoil eile sna déaga[41]. Ba í Eilish a chuir tús le ré na saoirse cainte lena stíl éadach féin. Caitheann sí éadaí mar seo ionas nach mbeidh daoine in ann í a oibiachtú nó a thabharfaidh breithiúnas uirthi[42]. Bíonn Eilish ag caitheamh cibé rud is mian léi ionas go mbeidh gach duine in ann gléasadh ar bhealach ar bith is mian leo. Bhí sí go mór i bhfabhar a bheith compordach i do choirp féin. Rinne Eilish fógra le Calvin Klein i 2019, darbh ainm ‘I Speak My Truth in #MyCalvins[43] agus an pointe a bhí taobh thiar den fhógra ná chun cosc a chur le náiriú faoin gcorp.

 
Lógó Billie Eilish

Thosaigh Eilish líne mharsantachta le Takashi Murakami i mí Aibreáin 2019[44][45]. Tá na héadaí sráide is fearr léi ar fáil sa bhailiúchán, cosúil le geansaí atá san ainmhéid agus t-léinte grafach. Chuir sí a líne mharsantachta ar fáil do pháistí freisin[46]. Thosaigh sí líne mharsantachta leis an chomhlacht H&M i mí Eanáir 2020[47]. Déanta go hiomlán as ábhair inbhuanaithe, tá t-léinte, geansaí atá san ainmhéid, agus hataí corcáin leis a lógó sainiúil orthu sa bhailiúchán éadaí.

An Timpeallacht

cuir in eagar

Baineann Eilish as a hardán chun labhairt amach i gcoinne na géarchéime aeráide[48]. D’fhoilsigh sí físeán le Woody Harrelson i gcomhar le GreenPeace[49] agus bhí an bheirt acu ag iarraidh níos mó aird a thabhairt ar athrú aeráide. Thosaigh Eilish comhpháirtíocht leis an chomhlacht Global Citizen i mí na Samhna 2019 agus bhí a lucht leanúna in ann ticéid saor in aisce a fháil leis an chomhlacht trí bheith páirteach ina ngluaiseacht timpeallacht[50]. D’fhogair Eilish go mbeidh caomhnú na timpeallachta ar siúl le linn an chamchuairt domhanda 2020 Where Do We Go?[51]. Dúirt sí go mbeidh sí ag cur cosc ar sop plaisteacha, ag iarraidh go dtógfaidh an lucht leanúna a gcuid buidéal uisce féin agus boscaí bruscair athchúrsála a chur i ngach ionad[52].

Íomhá Phearsanta

cuir in eagar

Nuair a bhí Eilish sé bliana déag d’aois, d'fhógair sí go bhfuil siondróm Tourette[22][53] aici agus rinneadh diagnóis uirthi leis an neamhord nuair a bhí sí ina páiste. Chaith Eilish an chuid is mó dá saol mar veigeatóir sular shocraigh sí glacadh go hiomlán le veigeánachas i 2014[48].

Camchuairt

cuir in eagar

Príomh-cheolchoirm

cuir in eagar
  • Camchuairt Don't Smile at Me (2017)
  • Camchuairt Where's My Mind (2018)
  • Camchuairt 1 by 1 (2018–2019)
  • Camchuairt Dhomhanda When We All Fall Asleep (2019)
  • Camchuairt Dhomhanda Where Do We Go? (2020)

Mír na hOscailte

cuir in eagar

Dioscliosta

cuir in eagar
 
Lógó don albaim: When We All Fall Asleep, Where Do We Go?
  1. 1.0 1.1 "Who is Billie Eilish? Everything You Need to Know" (en-US). www.thefamouspeople.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  2. 2.0 2.1 2.2 "Billie Eilish Life Story & How She Got Famous" (en-US). Facts Ninja (2019-12-02). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  3. "Billie Eilish Life Story & How She Got Famous" (en-US). Facts Ninja (2019-12-02). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  4. "BILLIE EILISH (@billieeilish) • Instagram photos and videos" (en). www.instagram.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  5. 5.0 5.1 Justin Curto (2020-01-27). "Billie Eilish Becomes Second Artist to Sweep the Top Grammy Categories, Duh!" (en-us). Vulture. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  6. 6.0 6.1 Jasmine Gomez (2019-09-16). "Here's Everything You Need to Know About Billie Eilish's Parents and Brother, Finneas" (en-US). Seventeen. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  7. Ed Power. "An Interview with Billie Eilish: Pop's Ferocious New Enigma". Hotpress. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  8. "5-time Grammy winner Billie Eilish's Irish roots" (en). IrishCentral.com (2020-01-20). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  9. Roshanak (2019-06-21). "Inside Billie Eilish's Fascinating Real Life Story" (en). eng.amomama.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  10. "The lowdown on Billie Eilish's brother, Finneas O'Connell" (en). Capital. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  11. Callie Ahlgrim. "14 songs you probably didn't know were written or produced by Billie Eilish's brother Finneas". Insider. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  12. Becca Bleznak, More Articles, 2020 February 02 (2020-02-02). "Grammy Winner Finneas O'Connell: Billie Eilish's Brother Was On This Popular TV Show Years Ago" (en-US). Showbiz Cheat Sheet. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  13. Mark Savage (2017-07-15). "Is Billie Eilish pop's best new hope?" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  14. 14.0 14.1 14.2 "Becoming Billie: How Apple Music and Spotify helped make Billie Eilish music’s new Gen Z superstar". The Music Network (2019-03-31). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  15. "Apple's UpNext Artist Billie Eilish: Watch Her Mini Documentary". Billboard (2017-09-20). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  16. 16.0 16.1 16.2 Laura Stavropoulos (2019-12-18). "How Billie Eilish Went From Bedroom Musician To Global Icon In 8 Steps" (en-US). uDiscover Music. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  17. 17.0 17.1 17.2 17.3 17.4 17.5 17.6 Charlie Harding (2019-04-18). "Billie Eilish, the neo-goth, chart-topping teenage pop star, explained" (en). Vox. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  18. 18.0 18.1 "Billie Eilish is on the first two 13 Reasons Why soundtracks." (en). PopBuzz. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-27. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  19. Joe Coscarelli (2019-03-28). "Billie Eilish Is Not Your Typical 17-Year-Old Pop Star. Get Used to Her." (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  20. "Is Billie Eilish Really That “Weird”?" (en). BuzzFeed News. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  21. 21.0 21.1 "2018 21 Under 21: Shawn Mendes, Khalid & Lil Pump Top the List". Billboard (2018-10-12). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  22. 22.0 22.1 22.2 22.3 22.4 22.5 22.6 "Billie Eilish at the Grammys: A timeline of her life and career - CBBC Newsround" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  23. "Who is Billie Eilish? Everything You Need to Know" (en-US). www.thefamouspeople.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  24. "Billie Eilish's 'When The Party's Over': Listen". Billboard (2018-10-17). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  25. "Billie Eilish Just Got Signed to a Major Modeling Agency" (en). PAPER (2018-10-24). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  26. 26.0 26.1 "Billie Eilish's Bury A Friend scores Trending Chart Number 1" (en). www.officialcharts.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  27. "Billie Eilish scores record-breaking Number 1 album" (en). www.officialcharts.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  28. Stuart Clark. "ELECTRIC PICNIC: Billie Eilish smashes it on the main stage!". Hotpress. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  29. "Billie Eilish Postpones March Tour Dates Due to Coronavirus". Billboard (2020-03-16). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  30. 30.0 30.1 Jasmine Gomez (2019-11-14). "Billie Eilish’s New Song “Everything I Wanted” Is a Tribute to Her Brother Finneas About Fame" (en-US). Seventeen. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  31. "Billie Eilish releases new James Bond track" (as en) (2020-02-14). 
  32. "Billie Eilish lands number one with Bond theme" (en-GB). BBC News (2020-02-21). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  33. Mark Savage (2020-01-27). "Billie Eilish is the big winner at the Grammys" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  34. 34.0 34.1 "The Artistry of Billie Eilish is Shaping a Generation | V Magazine". vmagazine.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  35. Josh Eells, Josh Eells (2019-07-31). "Billie Eilish and the Triumph of the Weird" (en-US). Rolling Stone. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  36. DeAnna Janes (2020-01-25). "Billie Eilish Broke This Major Grammys Record Just by Getting Nominated" (en-US). Oprah Magazine. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  37. Doreen St Félix. "Billie Eilish and the Changing Face of Pop" (en). The New Yorker. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  38. "Billie Eilish's 'Everything I Wanted' Music Video: Watch". Billboard (2020-01-23). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  39. Patrick Doyle, Patrick Doyle (2019-10-29). "Musicians on Musicians: Billie Joe Armstrong & Billie Eilish" (en-US). Rolling Stone. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  40. "Billie Eilish's Influences, Inspiration & Obsessions" (en). ELLE. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  41. Jasmine Gomez (2019-05-14). "Billie Eilish Said She Wears Baggy Clothes For This Reason" (en-US). Seventeen. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  42. "Why Billie Eilish wears baggy clothes" (en). Radio X. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  43. De Elizabeth. "Billie Eilish Wears Baggy Clothes So the World Doesn't Know "Everything" About Her" (en). Teen Vogue. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  44. "Takashi Murakami & Billie Eilish Release More Collaborative Merch". HYPEBEAST. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  45. Kelsey Stiegman (2019-04-04). "Billie Eilish Just Dropped a Sick Clothing Collection Inspired By Her "You Should See Me in a Crown" Video" (en-US). Seventeen. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  46. "Billie Eilish has designed a range of merch for children" (en). Evening Standard (2019-11-19). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  47. Dazed (2020-01-02). "Billie Eilish has dropped a sustainable merch collection with H&M" (en). Dazed. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  48. 48.0 48.1 "6 Times Billie Eilish Spoke Out Against the Climate Crisis" (en). Global Citizen. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  49. "Billie Eilish and Woody Harrelson Partner With Greenpeace for a Climate Emergency PSA!" (en). One Green Planet. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  50. "Billie Eilish Wants Fans to Learn about Environmental Issues in Exchange for Free Concert Tickets" (en). One Green Planet (2019-11-12). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  51. "Billie Eilish’s Upcoming World Tour Will be Eco-Friendly!" (en). One Green Planet (2019-10-10). Dáta rochtana: 2020-03-27.
  52. Maeve Campbell (2019-09-30). "Euronews Living | Billie Eilish to tackle climate crisis with 2020 green world tour" (en). living. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  53. "Billie Eilish Reveals She Has Tourette Syndrome". Billboard (2018-11-27). Dáta rochtana: 2020-03-27.