Biafra
Ba stát in iarthar na hAfraice a scar ón Nigéir sa bhliain 1967 é Biafra.[1]
Biafra | |||||
---|---|---|---|---|---|
Republic of Biafra (en) | |||||
|
|||||
Aintiún | Land of the Rising Sun | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Enugu, Owerri agus Umuahia | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 13,500,000 | ||||
• Dlús | 174.63 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Íogbóis Béarla | ||||
Reiligiún | an Chríostaíocht agus anamachas | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 77,306 km² | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1967 | ||||
Díscaoileadh | 1970 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | punt Bhiafra |
Fuair sé a ainm ó Bhiochta Bhiafra atá suite ó dheas ó oirdheisceart na Nigéire agus siar ó Chamarún agus an Ghabúin.
Sa bhliain 1967, d'fhógair cúige Oirthear na Nigéire go raibh neamhspleáchas bainte amach aige, agus thugadar Biafra nó Poblacht Bhiafra orthu féin. Is sa cheantar seo a bhí go leor misinéirí, idir shagairt agus mhná rialta, ag obair. Theip ar an ngluaiseacht agus tar éis dianchogadh, cuireadh deireadh leis an stát nua sa bhliain 1970.
Ba den chine Igbo iad formhór na ndaoine. Bhí sagairt agus easpaig ó Chuallacht an Spioraid Naomh (C.S.Sp) ann ina measc ó thús an chéid sin. Cáil ar chuid acu, an tEaspag Joseph Shanahan (1871–1943) a chaith a shaol ann ó 1902 ina measc. Bhí cuallachtaí eile i measc na dtreibheanna eile sa cheantar — Efik, Ibibio, Annang, Ejagham, Eket, Ibeno agus na hIjaw.
Cé go bhfuair an stát nua aitheantas agus cabhair ó roinnt tíortha sa Afraic, d'éirigh le Rialtas na Nigéire cosc a chur ar chúnamh bia, agus tharla gorta mór ann. Fuair dhá mhilliún duine bás sa chogadh nó sa ghorta.
As sin d'éirigh an eagraíocht carthanachta atá fós ar an saol — "Concern".
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Biafra” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-18.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |