Mido
Is imreoir sacair é Ahmed Hossan Hussein Adelhamid (Araibis: أحمد حسام حسين عبد الحميد) (r.23 Feabhra, 1983 i Caireo, An Éigipt). Imríonn sé faoi láthair le Wigan Athletic sa Premier League.
Blianta imeartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]El-Zamalek sa hÉigipt an chéad chlub ar bhain sé leis. D'imir sé le K.A.A. Gent sa séasúr 2000 - 2001 agus chuir aon chúl déag. D'imir sé le Ajax san Ísiltír ó 2001 go 2003 agus chuir a lán cúl. D'imir sé le Marseille ó 2003 go 2004 agus bhí sé ag imirt le A.S. Roma ó 2004 go 2006.
Tottenham Hotspur
D'imir sé le Spurs ó Mhí Eanáir 2006 go dtí Samhradh 2007. Bhí ocht gcluiche is daichead aige agus chuir sé trí chúl déag, ach níor thaitin sé le Martin Jol sa bhliain 2007.
Middlesbrough
Ba mhaith le Gareth Southgate é agus cheannaigh sé Mido i Samhradh 2007. Sa séasúr 2007/08 bhí deich gcluiche ag Mido agus chuir sé dhá chúl, ach ní raibh sé sásta. Sa séasúr 2008/09 d'imir sé sé chluiche agus chuir trí chúl in aghaidh Tottenham, Learpholl agus Portsmouth, rud a thug an-sásamh dó.
Wigan Athletic
Tá sé ar iasacht ag Wigan anois, agus chuir cúl sa chéad chluiche leis an chlub in aghaidh Liverpool i Eanáir, 2009.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Imreoir sacair is ábhar don síol seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1983