[go: up one dir, main page]
More Web Proxy on the site http://driver.im/Jump to content

Béar bán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBéar bán
Ursus maritimus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Tréimhse iompair5 míosa agus 8.5 míosa Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhfhoinse biaearless seal (en) Aistrigh, réinfhia, deilf, iasc agus éan Cuir in eagar ar Wikidata
Ionchas saoil50 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse saoil is faide43.8 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Mais450 kg
600 g Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Leochaileach
UICN22823 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeMammalia
OrdCarnivora
FineUrsidae
GéineasUrsus
SpeiceasUrsus maritimus Cuir in eagar ar Wikidata
Phipps, 1774
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Is ainmhí é an béar bán.[1] Luaitear iad go minic i bhfoilseacháin eagraíochtaí comhshaoil atá ag troid i gcoinne an t-athrú aeráide (téamh domhanda). Agus iad le feiceáil go minic i leabhair fhantaisíochta do pháistí óga. Ach níl mórán ar eolas ag a lán daoine faoin speiceas speisialta agus suimiúil seo i ndáiríre. San fhorbhreathnú oideachaisiúil seo, is féidir leat tuilleadh eolais (fíor agus bunaithe) a fháil faoin mbéar bán.

Bia

Tá sé ar eolas againn go n-itheann béir bána rónta, míolta móra, agus rosuailt óga go príomha. Mura bhfuil na roghanna seo ar fáil (nach mbíonn uaireanta), íosfaidh siad beagnach aon ainmhí is féidir leo a fháil, lena n-áirítear réinfhianna, éisc, éin, ainmhithe beaga eile, agus níos mó. Itheann siad ainmhithe marbha chomh maith, mura bhfuil roghanna eile acu. Uaireanta itheann siad uibheacha agus plandaí fiú (cosúil le ceilp) chomh maith. Teastaíonn go leor próitéin ó bhéar bán, ach is gá dóibh go leor saille a ithe chomh maith le fanacht sláintiúil agus láidir. Is féidir le boilg béar bán go leor rudaí (feoil agus fásra) éagsúla a ithe. Ní minic go ndéanann siad ionsaí ar dhaoine.

Nósanna Geimhridh

Ní éiríonn béar bán i 'hibernation' sa Gheimhreadh. Nuair a bhíonn páistí óga acu, tochalann siad poill sa sneachta, áit a chodlann siad go dtí an tEarrach. Déanann siad é seo chun a pháistí a choinneáil te agus sábháilte. Nuair a thagann siad amach óna bpoill, tosaíonn siad múineadh dá bpáistí conas a mhaireachtáil san fhiántas, conas fiach a dhéanamh, agus scileanna eile. Nuair atá béir óga dhá bhliain d'aois, is féidir leo maireachtáil leo féin.

Gnáthóg Nádúrtha

Faightear béir bhána i bhfad ó thuaidh, de ghnáth sa Chiorcal Artach. Ní bhfaightear san Antartaice iad, ceapann go leor daoine go bhfuil cónaí ar béar bán san Antartaice, is gnáth-bhotún é sin. Beagnach i gcónaí, is féidir leat iad a fheiceáil in aice leis an Pol Thuaidh. Tá cónaí orthu i dtíortha cosúil le Ceanada, an Rúis, an Ghraonlainn, an tSualainn, an Fhionlainn, an Iorua, agus uaireanta is féidir leat iad a aimsiú san Íoslainn - agus Alasca (Na Stáit Aontaithe) chomh maith. Is féidir leat iad a fheiceáil in oileáin atá in aice leis an Pol Thuaidh freisin, cosúil le 'Svalbard' agus oileáin eile. Teastaíonn go leor oighear uathu chun saol sláintiúil a mhaireactáil. Déanann siad a gcuid iascaireacht ar bharr an oighear - fanann siad gar le poll san oighear go dtagann rón, iasc, nó ainmhí eile. Tá cónaí orthu i dtimpeallacht le sneachta freisin ar ndóigh - ag cabhrú leo fuarú síos nuair a bhíonn siad ró-the (tá dhá shraith fionnaidh acu).

Cuma

Ar ndóigh, múintear go bhfuil fionnadh bán ag béar bán. Tá sé ar eolas agam go mb'fhéidir go raibh a fhios agat roimhe seo, ach níl sé sin fíor (go bhfuil fionnadh bán acu). Tá fionnadh soiléir acu i ndáiríre, déanann an ghrian ar na béir cóta bán a bheith acu. Nuair a lonrann an ghrian ar an gcéad shraith fionnaidh an bhéar, áit a éiríonn sé i dteagmháil le craiceann dubh an bhéar bán - forbraítear dath bán air.

Speiceas i mbaol

Is speiceas i mbaol iad béar bán. Tá daonra na béir seo ag laghdú go gasta gach bliain, mar gheall ar an t-athrú aeráide dhomhanda díreach anois (sa bhliain 2022), níl ann ach uimhir idir 22,000 nó 32,000 fós ar domhan, is uimhir an-bheag é sin, gach rud á mheasadh. Tá eolaithe agus comhshaolaithe ag obair go crua chun an speiceas seo a chaomhnú agus a chosaint. Is féidir leat féin cabhrú freisin. Déan staidéir ar eolaíocht comhshaoil agus déan iarracht anois chun ár dtimpeallacht nádúrtha agus fiadhúlra a chaomhnú. Chomh maith is féidir leat tabhairt do charthannachtaí comhshaoil agus ballraíocht a ghlacadh i ngrúpaí atá ag iarraidh pleananna a fhorbairt chun na hainmhithe seo a chosaint.

Féach freisin

Tagairtí

  1. “Ursus maritimus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.