Caochán
Cuma
Is mamach beag é an caochán (Talpidae) (talpa sa Ghaeilge uaireanta) atá dúchasach do thailte ísle san Eoraip, an Áise is Meiriceá Thuaidh. Níl caocháin ar bith le fáil in Éirinn, áfach, toisc nár éirigh leo an t-oileán sin a shroichint i ndiaidh na hOighearaoise sular éirigh leibhéal na mara. Feithiditeach is ea é. Tá sé dorcha, le súile bídeacha, agus tá an t-eireaball gearr. Úsáideann sé na géaga tosaigh méadaithe chun tochailt a dhéanamh. De ghnáth itheann sé istigh ina uachais. Gabhann an talpa srónréaltach bia san uisce. Itheann an talpa caoch, nó caochán, os cionn talún.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Talpa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 642.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |